‘Sí Do Thír Í – Déan Do Rogha – Mashup Coldplay & Amhráin Eile

Cór Chúrsa D faoi stiúir Dáithí Ó Ruaidh & Cathal Ó Ruaidh

Lyrik:

Mo cheann trom
Gan tú liom
Ag brath ort mé a thabhairt slán
Ní theastaíonn solas uait ach i lár an cheo
Ní theastaíonn uait an tine nuair tá sí ag dó
Beir greim ar mo lámh
‘S tar i bhfad liom

Sin an saol, anois tuigim é
Ag iarra’ greim a fháil ar rud a bhí ar strae
‘Sé inár gcroí ‘s leanfaidh sé ar aghaidh

Sin an saol, anois tuigim é
Tá an ceo scaipí ‘s mo mheon úr ‘s réidh
‘Sé inár gcroí ‘s leanfaidh sé ar aghaidh

Glac an saol go réidh
Anois an t-am le bogadh ar aghaidh
Tóg mo lámh ‘s léim
Tóg mo lámh ‘s léim
Tóg mo lámh ‘s léim

Tá muid le chéile, tagtha le chéile anocht
Tá muid le chéile, tagtha le chéile le fáth
Tá muid le chéile, tagtha le chéile go brách

Tír le teanga – Tír le hanam
‘Sí do thír í – déan do rogha